Scoil: Burgess, Aonach Úrmhumhan (uimhir rolla 8608)
- Suíomh:
- An Bhuirgéis, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Mícheál Ó Cearnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Burgess, Aonach Úrmhumhan
- XML Leathanach 053
- XML “Bruíonta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- BruidheantaBhí dhá bhruidhean sa gceanntar seo timcheall céad go leith blian ó shoin - na Dingers agus na Dousers. Deirtear gur b'é seo tús an troda agus tús an páirtidheacht.
Shaghad fear madadh indiaidh muice fir eile. Dubhairt an bheirt acu go mbeadh troid aca lá éigin leis an t-imreas a shocrú. Chruinnigh a gcáirde ar gach taobh leis an troid fheiceal. Sul ar scaradar throideadar go léir - na Dingers i n-aghaidh na Dobhsers. Cheangail a gcáirde ar fud na tíre leo. Ar deireadh bhí an iomad lucht leanamhna ar gach taobh. Tugadh an cath ba mhó eatortha ag Cnoc Dinger, atá suidhte timcheall leith mhíle soir ó dheas de'n scoil. Tráthnóna Dia Dómhnaigh bhí ann agus bhí cóisire ag na Dobhsers i nGort Mór. An lá ceadna bhí cóisire ag cuid de Dingers ag Tobar Phádraig. Bhí seisiur de na Dingers ar chlaidhe ag cainnt agus ag cómhrádh agus amadán 'na measc. Nuair a bhí na Dousers ar a mbealach ó'n gcóisire agus ós a gcómhair amach ar an mbóthair, d'fhiafruigh an t-amadán dóibh an raibh sé i bhfad ó lomruigh siad gé nó ó d'fheann siad caora. Chaith an t-ochtmhadh Dobhsers a gcótaí dhíobh agus d'ionnsuigh siad na Dingers le clochaibh agus bataí. Chuaidh fear amháin de na Dingers go dtí Tobar Phádraig fé dhéin na Dingers a bhí ag an gcóisire annsin. Nuair a fuair siad an sgéul, amach leo ag deanamh ar an áit i n-a raibh an troid, agus deirtear go rabhadar ag teacht chomh tapaidh agus chomh teann sin, gur léimeadar gach claidhe a tháinig rómpa(leanann ar an chéad leathanach eile)