Scoil: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (uimhir rolla 9250)
- Suíomh:
- An Caisleán Nua, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Siobhán Ní Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Mullach is ainm don bhaile in a cómhnuighím. Tá ocht dtighthe ann agus tá slinn ar gach ceann acu. 'Sé an fáth gur tugadh an ainm sin air an áit ná gur chuir na manaigh ag a raibh mainistir san áit sin fadó mallacht ar an áit. Tá beirt duine ann ós cionn seachtmhadh bliana d'aois. Seo iad. Séamus de bPuitléir, Mullach, Caisleán Nua, Cluain Meala. Liam Uí Muirgheasa, Mullach, Caisleán Nua, Cluain Meala.
Tá cúpla sean fhothracha tighe ann agus leagadh cúpla cinn ann le deannaighe. Níor chuaidh mórán ón áit go dtí America. Talamh aoileach atá innti agus níl acht timcheall trí acra (de) coilltibh. Tá loch beag ann ar a dtuigtar Loch na Gréine. Ritheann an tSiúir tré Mullach. Deirtear go raibh mná riaghalta ar cuaird sa mainistir an lá gur dóigh Muiris De Prendergast é. Nuair a chonnacadar na saighidiúirí ag teacht theicheadar agus do deineadh casan tirm dóibh treasna na h-abhann. Níor fheaca aoinne ó shoin iad.- Faisnéiseoir
- Séamas de bPuitléir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Seoladh
- Baile Nua Mhaigh Locha, Co. Thiobraid Árann