Scoil: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (uimhir rolla 9250)
- Suíomh:
- An Caisleán Nua, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Siobhán Ní Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhain fear triall as dul isteach ann uair ach níor tháinigh sé amach as riamh. Deirtear gur coimeadh na daoine maithe istigh ann é ach bfeidir ná fuil ann ach scéal.Tá tigh mór thíos i gCaisleán Nua. Is le Captain Perry é ach do dhóghadh na "Republicans" é. Tá frámaí fuinneog agus frámaí dóirse le feiscint ann anois. Tig ana mór ar fad iseadh é agus tá sé in aice na h-abhann. Bíonn na bláthanna ag fás mór thimcheall an tighe sin anois gach bliain ó shóin agus tá ubhaillgort an-mhór ann agus tá ubhla agus péiríní ag fás ann. Tá fir aimsire ag tabhairt aire do na rudaí sin anois.
- Faisnéiseoir
- Dathí h-Aillidhe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Cnoc Peirí, Co. Thiobraid Árann