Scoil: An Churrach (Crogh), Árd Fhionáin (uimhir rolla 7911)
- Suíomh:
- An Currach, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Mícheál Ó Dubhshláine
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear in a chomhnuidhe ag bun Sléibhte Cnoc Mhaol Domhnaigh...”
Sgéal
Bhí fear in a comhnuidhe ag bun Sléibhte Cnoc Mhaol Domhnaigh agus bhí aon mhac amháin aige. Cuir sé an mac go dtí Aonach Cáthair Dúin Iascaigh le dhá caoirigh. Sagas amadáin a bhí na mhac agus do dhíol sé na caora do fear darb ainm Seán Leogh as na Gailtez, ach d'imthigh seisean agus níor thug sé aon airgead ar na caoraibh. Nuair a tháinigh an mac abhaile gan na caorigh ná an t-airgead bhí fearg an-mhór ar an athair agus do bhíodh sé ag troid le na mhac ó mhaidean go h-oidhche agus sa deire d'imtigh an mac uaid agus do fuair sé obair i gCaiseal. Thuit an t-athair tinn agus tháinigh cathú air agus do chuir sé fé dhein an mhac. Tháinigh an mac agus labhar sé " Tá tú ag faghaile báis anois, is docha go raghaidh tú go dtí ifrean agus má fheiceann tú Seán Leogh ann, abair leis mo caora do cur abhaile cugham acht is docha ná cuirfeadh sé.- Faisnéiseoir
- Éamon Ó Corbáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 71
- Seoladh
- Cnoc Bhaile an Oidhre, Co. Thiobraid Árann