Scoil: Cahermurphy, Cill Mhichíl (uimhir rolla 15327)
- Suíomh:
- Cathair Mhurchú, Co. an Chláir
- Múinteoir: Séamus Ó Laoighléis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cahermurphy, Cill Mhichíl
- XML Leathanach 158
- XML “Na Filí a Bhí Cónaí Orthu i Leath h-Ínse - Séarlus Parnéil agus Cáit Ní Shéaghdha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (I)Do ghluais cughainn sár-fhear anall thar sháile
Ba mór le rádh é ag clann na nGaedheal,
Gan fios ce'n creideamh ná cad as a dtáinigh,
Gur thóg sé páirt leó-tha tré gach scéál
Do lasadh solus dhó agus colours gléasta,
Ba mhór é aréimh ag gabháil tríd an dtír (gól) 1
Nár mór an gradam é de phreasbatérin,
Ná raibh lámh Dé leis ag gabhail tríd an dtír (gól) 2
(II)Do geall sé Éire ar fad le chéile
Gan pingin éileamh gan stráth ná cíos
Ní raibh 'na ghlórtha acht mar lúib in Éireann,
A croth ab' aoirde (3) o gcuig' Uladh shíos. (aer-de)
Leabhartha Luther níor léig na h-úghdair,
Is ní raibh scrúdáilte ó shealaidhe Chríost,
Gurbh' as a h-úscail marioth luthmhar,
Is go bhfuair sé dúilte ó Rí na Naoimh.
(III)Is mó mach máthair agus buachaill aluinn,
In aghaidh córda cráibe fé'n muinéal 4 (wee-ill) 4
Gurbé dlíghe Párnaill do léig ar lár sinn,
Agus d'fhág croidhe cráidhte ag leath a' thír.
Tharaingeann sé dlíghe chúghainn isteach go h-Éirinn,
An Dlíghe ba claona do bhí le fághail(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál C. Ó Laoighléis
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Sráid Synge, Co. Bhaile Átha Cliath
- Faisnéiseoir
- Micheál Mac Con Luachra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Cluain na Cille, Co. an Chláir