Scoil: Synge, Inagh (uimhir rolla 14440)
- Suíomh:
- Glennageer, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máirtín Flynn
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 334](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0612%2FCBES_0612_334.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 334
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)S cuid d'á suidheamh nach raibh san Ogham
Ach saothar leinbh coise brice.Ba mhór annsúd ár n-iongantas féin
S gan radharc de'n liag dúinn i ndán
Ag caoineadh ár dteacht comh fada i gcéin
Ag lorg laoidh agus leac Conáin.Sealadh dúinn gan sult gan greann.
Ag féachaint dúinn ar mhaoil an tsléibhe
Go bhfeachamar fúinn sa ghleann
An leath-leac 's a leath faoi chré.Gluaistear linn le fána an chnuic
S ba hárd re clos gáir na bhfear
Go rangamar -ne gus an leac
Gan scith gan tlathas go tapaidh mear.Ba mhór mo mhairg féin annsúd
Ar fagháil na leice na dhá blodh
Gus uaigh Chonáin na creacht gan chlúid
Na caodh mhasla gan féar gan scoth.Do thráchtas leo ar cháil Chonáin
Ar a éacht, ar a ghrinn, s ar a mhí-ghreann
S nár bhfeas ar Éirinn cíos ná cáin
Nuair mhair sé féin s a sloighte ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)