Scoil: Rathbaun (Mixed), Lisdoonvarna (uimhir rolla 15047)
- Suíomh:
- Rathbaun, Co. an Chláir
- Múinteoir: P. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)260
Tá tigh agansa tigh beag bídeach ní thiocfaidh leatsa ná liomsa na fuinneoga do comhaireamh.(mearacán).
Tig beag gan doras ar lán de ghídh agus gan salann ann(ubh).
Lán na páirde de ghabhana bána agus an gabhain dearg eators istigh..(Do fiacail).
Tobair gan tóin is é lán d'fheoil duine (méaracán tailúir).
Chóm árd le falla chóm bán le bainne cóm dearg le fuil chóm milis le mil(uibhall ar chrainn)
Chaitheas anairde é cóm bán le sneachta is thainig sé anuas 'na bhuidhe leachta ((ubhall).Chonaic beirt é thóg cúigear é chogain dáréag é agus leig(cinne)aoinne amháin siar (ubhall)haibh Fionn maidean amach ,bhí dealg aige 'na brath níorbh húm na hám é níorbh iarann ná stán é,níor mhaide é níor cloch níor chnámh (coinneal reoidh)
Molt mor dibh donn istigh idir dhá ghlleann .(asal agus dhá chléabh air)Cearthar ag rith ,ceathrar ag crith ,beirt ar an gcaraig beirt ag(leanann ar an chéad leathanach eile)