Scoil: Dubhlinn (B.), Inis (uimhir rolla 4870)
- Suíomh:
- Dúlainn, Co. an Chláir
- Múinteoir: Tadhg Ó Seasnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 16
Ciste Óir i bhFolachBhí Bochlum in a cómhnuidhe i gcathair Mac Flanchaidhe is ó Bhochlum fein a fuair an áit san a h-ainm mar Bhochlum Mac Flanchaidhe ab ainm dó.
Bhí bean aimsir aige agus nuair a bhí Bochlum ag fághail bháis do chuir sí fé geasa é teacht ar ais arís tar éis tamall, annsan bhí eagla uirthe dá dtagadh sé tar éis a bháis go mairbheócadh sé í nuair a thiocfad sé.
Do chuaidh sí go dtí an sagart agus d'innis sí a sgéal dó, gur chuir sí fé geasa é teacht ar ais arís agus go raibh faitchíos uirthí roimhe.
Do thug sé buidéil uisge coisreachan dí agus dubairt sé léi fáinne a dhéanamh timcheall uirthí leis agus nach bhféadfeadh Bochulm aon anachain a dhéanamh uirthi.
Nuair a connaic sí ag teacht é do dhein sí an fáinnne agus níorbh bhféidir leis teacht leath-istigh de.
Bhí sé ana claoidhte agus do chuir sé scannradh uirthi nuair a chonnaic sí é.
Nuair a tháinig Bochlum ar dtúis dubhairt an bean leis "A Bhochluim, A Bhochluim, a Bhocluim" agus níor thug sé aon fhreagra uirthe nó gur ghlaoidh sí an tríomhadh babhta air.
A Bhochluim a Bhochluim cá raibh tú nuair a glaodh mé an céad ort" agus ar sé, bhí me in Ifrinn" agus ar sí " A Bhochluim a Bhochluim cá raibh tú an tarna uair a glaodh me ort" agus ar sé bhí...(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás O Grríobhtha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Uí Bháire, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Diarmuid O Gríobhtha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Dúlainn, Co. an Chláir