Scoil: Scoil Bhríde, Liosceannúir

Suíomh:
Lios Ceannúir, Co. an Chláir
Múinteoir:
Dónall Ó Seasnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0618, Leathanach 009

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0618, Leathanach 009

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Bhríde, Liosceannúir
  2. XML Leathanach 009
  3. XML “A Mháistir Ná Fuil Mé Tar Éis Chasadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Luimneach. Dubhairt "Bully" go raghadh agus fáilte.
    Bhí an oiread sin de sgannradh ar Bully roimh Concubhar gur rith sé abhaile ar an bpointe. Dubhairt sé leis a mhnaoi píosa
    "stampy" a dhéanamh dó: d'eirigh ar a chúig a chlog maidean lá ar na bhárach: agus gan bróga ná capóg air ach an píosa " stampy" 'na láimh aige: ní raibh leath-mhíle den bhóthar curtha dhe nuair a bhí an stampy ithe aige: ní gadh a rádh is dócha ná raibh an oiead agus pinghinn 'na póca aige.
    Nár dhein sé dearmad ar an méid a dubhradh leis an oidce roimh ré. Níor ghlaoidh sé ar Choncubhar sar a ndeachaidh sé. Ar aghaidh leis agus níor stad sé go dtáinig sé comh fada le Luimneach Níor dhein sé annsan ach iompú: agus ar aghaidh ar ais leis arís.
    Bhí sé i bPáirc na Sgeiche ag a haon a chlogagus bhuail sé ar dhorus Chonchubhair. Tháinig Concubhar amach agus cuma an diabhail air le fearg. Dubhairt Concubhar le Bully "Cén fáth nár dhein tú mar a d'ordaigh mé. Ná dubhairt mé leat aréir go raibh gnó agam díot dul go Luimneach go luath ar maidin agus anois tá sé a haon a chlog: imig as mo radharc sar a marbochaidh me thú".
    "Ó a Mhaigistir" arsa Bully: " Na fuil mé t'réis chasadh".
    "Ó" arsa Concubhar " a leithéid d'amadán ní fheaca me ríamh".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Lachaidhe
    Inscne
    Fireann
    Aois
    74
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tobar Bhríde, Co. an Chláir