Scoil: Scoil Bhríde, Liosceannúir
- Suíomh:
- Lios Ceannúir, Co. an Chláir
- Múinteoir: Dónall Ó Seasnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I
Anois teacht an Earraigh beidh an lá dul 'un shíneadh.
A's tar éis na Féil Brighíde ardóchadh mo sheól.
Ó chuir mé in mo cheann é ní stopfaidh mé choidhche.
Go seasfhaidh mé síos i lár Chonndae Mhuigheó
I gClár-Cloinne Mhuiris bhéas mé an chéad oidhche
'S i mbaile taobh thíos de thosóchadh mé ag ól.
Go Coillte-Mach rachad go ndeanfaidh cuairt míosa ann.
I bhfoghas da mhíle go Béal an Áth'MhóirII
Fágaim le h-uadhachta go n-éirígheann mo chroidhe-se
Mar éirigheas an ghaoth no mar sgapas an cheó.
Nuair smuaínighim ar Chearra a's ar Ghaillin taobh shíos de.
Ar Sgeatach a' Mhíle no ar phlaínéad Mhuigh-eo
Cill Aodáin an baile a bhfásann gach nídh ann.
Tá sméára 's subh-craobh ann as meas ar gach sórt.
'S dá mbeínn-se 'mo sheasamh i g'ceart-lár mo dhaoine.
D'imtheóchadh an aois díom agus bhéinn arís óg.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Briáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Doirín, Co. an Chláir