Scoil: Scoil Bhríde, Liosceannúir
- Suíomh:
- Lios Ceannúir, Co. an Chláir
- Múinteoir: Dónall Ó Seasnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Bhríde, Liosceannúir
- XML Leathanach 055
- XML “Comharthaí i dtaobh na hAimsire”
- XML “Abairtí i dtaobh na hAimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deireann na sean-daoine go mbíonn fhios achu go bhfuil an bháisteach ag teacht:-1) Nuair a bhíonn chaipín ar Shliabh Challáin
2) Nuair a bhíonn bogha leach ins an spéir
3) Nuair a bhíonn an gaoth andhiar andheas ann
4) Nuair a bhíonn an fhairrghe briste
5) Nuair a bhíonn na faoileáin ins na páirceanna
6) Nuair a bhíonn na préacháin suidhthe ar na fallaí7) Nuair a bhíonn an ghealach ag féachaint fé mar a bheadh dhá cheann achu ann
8) Nuair a bhíonn an chat 'na luighe chois teineadh
9) Nuair a bhíonn an grian gheal go moch ar maidin10) Nuair a bhíonn bogha-leach mór timhpeall ar an ngeallach11) Nuair a thagann sioch bán tiochfaidh an bháisteach 'na dhiaidh12) Nuair a eitleann na h-éanlaithe go h-íseal13 Má thuiteann bháisteach san 15adh d'Iúil, beidh cheathracha lá de bháistighe 'na dhiaidh
14) Nuair a feichtear na Sléibhte Chiarraighe go h-ana soiléir ar fadCnúsaighthe ag Máire Ní Chonsaidín, Bailleliosdín- Bailitheoir
- Máire Ní Chonsaidín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Stiabhna, Co. an Chláir
- CHÓMHARTHAÍ STOIRME1) Nuair a bhíonn na préacháin ag eitilt go h-árd
2) Nuair a bhíonn chuma gheal ar an ngrian sa tráthnóna
CHÓMHARTHAÍ SEACHA AGUS SNEACHTAN1) Nuair a bhíonn an gaoth ag séideadh ó'n oirthear
2) Bíonn an ainmsir go h-an fhuair nuair a bhíonn sioch ag teacht
CHÓMHARTHAÍ Le h-Agaidh AIMSIR BROTHALLACH1) Nuair a bhíonn spré ó na sléibhe ann is eol duinn go bfuil aimsir breagh ag teacht(leanann ar an chéad leathanach eile)