Scoil: Scoil Bhríde, Liosceannúir
- Suíomh:
- Lios Ceannúir, Co. an Chláir
- Múinteoir: Dónall Ó Seasnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 58
Daoine Cáileamhla an CheantairFir láidre = Do bhí capaill fiadháin ag Concubhair ÓBriain uair amháin. Tháínig cúigear fear go dtían ceárda leis lá. Bhí se chomh fiadhain is ná raibh an gabha abalta cruidte do chuir fé. Bhí fear láidir 'na chomhnuidhe i mBailleliosdín Seán Ó Conúdha b'ainm dó.
Do thiomáin sé an capaill fiadháin go dtí an ceárda gan chabhair ó éinnne.
Do bheir sé sé greim ar a dhá chluas agus do bhris sé ceann acu.Fear láidre = Bhí fear 'na chomhnuidhe i Sráid na Cathrach fadó. Ó Cearbhaill ab ainm dó. Bhí cáil mór chun troda air. Chuaidh Pádraig Mac Cuirtín ó Chlochán go Sráid na Cathrach lá agus bhí capaill bacach aige. Casadh Ó Cearbhaill air agus bhí se á magadh mar gheall ar an gcapaill. Do chuir Ó Cearbhaill dúbhslan fé Mac Cuirtín agus tosnuigheadar ag troid. Ma dhein, fuair Mac Cuirtín an láimhuachtar air.Fadó bhí aonach i Liosceannúir agus bhí beirt fear an-láidir ann. D'eirigh achrann eatartha agus thosnuigheadar ag troid. Bhíodar ag troid ar feadh i bfad agus bhí duine acu ag fághail an láimh uachtar ar an duine eile, nuair a gabhadh agus cuireadh isteach sa poll dubh iad.Fir maithe siubhail= Do shiubhail Tomás agus Pádraig Ó Briain go Uachtar Árd agus ar ais arís, breis agus 124 míle.Spealadóirí maithe =
Tomás Ó Mórdha, Dairín, Liosceannúir.
Mícheál Ó hAodha, Baille Árd, Liosceannúir.
Seán Mach Chiarais, Clochán, Liosceannúir,
Mícheál Ó Maoiliún, Clochán Liosceannúir,
Mícheál Ó Bheacháin, Beithe, Liosceannúir.
Do ghearr Ó n-Eidhn agus seisear buachaillí óga seacht n-achraí d'fhéar in aon lá amhaín.
Seanchaidhthe Maithe
Muirt Ó Beacháin Chinn Fhaillte Liosceannúir
Pádraig Ó Briain Dairín, Liosceannúir
Mícheál Ó Chonóil, Chinn Fhaillte, Liosceannúir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chonsaidín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Stiabhna, Co. an Chláir