Scoil: Scoil Bhríde, Liosceannúir

Suíomh:
Lios Ceannúir, Co. an Chláir
Múinteoir:
Dónall Ó Seasnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0618, Leathanach 062

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0618, Leathanach 062

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Bhríde, Liosceannúir
  2. XML Leathanach 062
  3. XML “Seanfhothraigh an Pharóiste”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 62
    Sean Fothracha an Pharóiste
    1.
    Teach Uí Chinneide, Árd na Craith
    = do phósadh Máighréad Uí Chinnéide le múinteoir scoile a bhí ag múineadh annso fadó. Acthígheara a b'ainm dó. Bhíodar na gcomhnuidhe in-éineacht le Sean Ó Chinnéide in Árd na Craith. Bhí Seán pósta le Bríghid Ní Lionnáin. Fuair Máighréad bás. Pósadh Máire Ní Chinnéide le Pádruig Machfhóla ó Lios Dún Bheárna. Do phósadh Bríghid Ní Lionnáin le Shéamuis Ó Seasnáin ó Bhalleliosdín. Fuair Séamuis bás agus phós Bríghid Tomás Ó Loinnsigh. Fuair Tomás bás agus phós sí Mícheál Ó Mhaolláin.
    2
    Teach Uí Chíosóg i mBailleliosdín =
    Aintín do Tomás Ó Flanagáin, Baille Liosdín do b' eadh Bríghid Ní Chíosóg. Bhí sí agus a dearbhrátháir, Mícheál 'na gcomhnuidhe ann; do phósadh Mícheál agus Eibhlín Ní Fhaoileáin ó Chathair Bearnach; tá fothracha an tíghe le feiscint ann fós.
    3.
    Teach Uí Seasnáin, Bailleliosdín =
    Bhí Peadar Ó Seasnáin agus Máire Ní Chuirtín'na gcomhnuidhe i mBaille Liosdín fadó. Nuair nár dhíol siad an chíos do sguabadh as an dtigh iad. Do thóg daoine na h-áite teach nuadh dóibh in-aon la amháin. Bhí cúigear páistí achu. Máighréad, Siobhán, Sean, Peadar agus Pádruig. Fuair Maighréad bás sa mbaille. Chuaidh Seán go h-Aimearicá. Fuair Sean agus Pádruig bás in Inis. Chuireadh Seán in aiche le Tobar NaomhBríghidhe. Báthadh Peadr sa'n abha i mBailleliosdín.
    Ta fothracha an tíghe ann fós.
    Cnúsaighthe ag Máire Ní Chonsaidín ó mBailleliosdín,ó'na h-athair a fuair sí iad.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chonsaidín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Shearrach, Co. an Chláir