Scoil: Baldwinstown

Suíomh:
Baile Bhaldain, Co. Loch Garman
Múinteoir:
Ristéard Mac Plib
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0876, Leathanach 394

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0876, Leathanach 394

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baldwinstown
  2. XML Leathanach 394
  3. XML “An Taibhse Mallaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Murcada a bhí ann [?] an t-am sin - tháinig sé ag [m]arcaideacth [?] ar capall an lá san. Chuaidh sé fé dhéin an sprid - tháinigh sé anuas ó'n gcapall - léig sé paidreaca fada ó leabhar mór a bhí aige, dhein sé fiogar na Croise os cionn na h-áite le h-uisge coisrighthe agus le linn dó é sin a dhéanamh d'eirig an spiorad is d'imtigh ó rádarc.
    Ach is doca gurbh leasg leis an áit d'fhágaint agus de réir na sean-daoine, dfhág an sagart an áit ró-luath, is dócha nach raibh an spiorad imthighthe agus le linn do'n capall bheith ag teacht timcheall an cuinne i mbaile an Cléirig, scannruigeadh an capall, leagad an sagart is básuigeadh é ar an mbóthar. Is dócha gurbé an spiorad malluighthe, ar fágaint na h-áite dó, a scannruig an capall. Ach a bhuide le Dia, ní fhaca éinne an spiorad ó shoin i leith. Is dócha gur cuiread go h Ifrean é, an áit a bhfearr adhoir dó.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Furlang
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Nioclás Breathnach
    Inscne
    Fireann