Scoil: Birr (St. Brendan's)
- Suíomh:
- Biorra, Co. Uíbh Fhailí
- Múinteoirí: S. Ó Conchobhair R. Ó Huigín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Birr (St. Brendan's)
- XML Leathanach 003
- XML “Taibhsí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Uair amháin bhí fear ag dul abhaile tar éis bheith ag imirt chártaí. Bhí sé go déanach san oidhche. Bhí sé ar an aonach an lá chéadhna agus d'ól sé chúpla púint leanna agus dá bhrígh sin bhí sé maith go leor, ag dul abhaile bhuail fear uime ar an mbóthar agus bhí bórd, dhá chathaoir agus pacha cártaí aige "Tá go maith" ars an fear.
Thosnuigheadar ag imirt agus d'imrígheadar go sámh agus go séan gur chaill an fear meisce gach pingin a bhí aige. Arsa sé "a phléidhche diabhail, do ghoid tú gach feóirlín a bhí agam."
Do sciobadh and chathaoir a bhí fé, tháinig ceo ar a radharc i dtreo ná faca sé na cathaoireacha, ná an stróinséar a thuille, agus fágadh é sínte amach ar thaobh an bhóthair. Cé bhí ann ach and diabhal féin fé cealltar fir.
Tá an sgéul sin fíor.- Bailitheoir
- Máirtín Cruagbell
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Ghráinseach, Co. Thiobraid Árann