Scoil: Cuar an Chláir (B)
- Suíomh:
- Cuar an Chláir, Co. an Chláir
- Múinteoir: Liam Ó Lioghda
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuar an Chláir (B)
- XML Leathanach 055
- XML “Staff”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí fear ina chómhnuidhe i gClúnredán fadó darb ainm Staff. Sórt saighdúra a'beadh é. Bhí tigh deas aige i gClonredán, agus bhí a ainm ar fuaid na tíre go raibh sé go h-ana mhaith cun trodha agus gac rud mar sin.Bhí búachaill darbh ainm Ó Gormháin ina chómhnuidhe siar inaiche le Dúinbheag. Aon lá amháin bhí Ó Gormháin ag reilg i gClúnredán agus cuaidh sé isteach go dtí Staff. Dubhairt Staff leis bulláin reamhar do cuir cuíghe.
"Níl aon bullán réamhar agam," arsa Ó Gormháin.
"Ceannaigh ceann" arsa Staff.
Níor déin Ó Gormháin acht dul abhaile.Cuplá lá indhiaidh sin, nuair ná raibh an bullán ag teacht, bhí Staff ag dul go dtí a thigh cun é do mharbhúghad. Lúighe Ó Gormháin inaice le claidhe, agus tháinigh Staff ag marchuigheacht ar a caphall. Do sgaoil Ó Gormhaín agus leagh sé é. Cuireadh annsan é. Tá sé i bpáirc Uí Cadhla anois. Gac aoinne a gabh an slighe caitheadhar cloch ar an uaigh. Tá a uaigh le feischinth fós agus timcheall trí troighthe de clochaibh anuas air.- Faisnéiseoir
- Mrs Fitzmartin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 87
- Gairm bheatha
- Farmer's wife (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Droim Oilche (Westropp), Co. an Chláir