Scoil: An Corrbhaile
- Suíomh:
- An Corrbhaile, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máirtín Mac Coitir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(45) AN FHORTHADH:Seo aít treasna na Sionainne 'na mbiodh baíd ag freasdal sa tsean-aimsear. Ar an dtaobh thiar de Cill Ruis atá sé suidthe.
(46) TRÁGH-BHÁN:Tá tráigh mhór annso agus gaineamh gheal innti. Bíonn mór chuid cubhair ann freisin agus dath bán air.
(47) CALAITH MHALAIGH:Do bathadh cailín bocht annso darb ainm Malaigh Ní Cathaín.
(48) ÁRSA NÁDÚRTHA an MHUCÁIN:Seo droicead aicionta i measg na gcarraig. Is le déidheannaighe a fuarthas amach é agus sé Muchán an ainm abhí ar an bhfear a fuair é.
(49) POLL na gCOLÚR:Neaduigheann na coluír san áit seo ar thaobh na faille.
(50) BÉAL CHARRAIG 'A CHABALTAIGH:Seo é an báigh in ar thaínig an cablach mór isteach fadó. Tá dhá bháigh ann - an sean-ché agus an nua-ché.
(51) Ronn(?) CILL' CHREÁDAÍN:Sin an ceann tíre a théigheann amach sa bhfairrge ar a bhfuil an teac-soluis suidhte ar an dtaobh theas de Charraig a Chabhaltaig.
(52) TOBAR NAOMH MHÁIRTÍN:Sin tobar beannuighthe atá suidhte i Rath an Uisge. Téigheann na daoine ar oilithreacht ann ar an t-aonadh lá déag de mhí na Samhna.(leanann ar an chéad leathanach eile)