Scoil: An Corrbhaile

Suíomh:
An Corrbhaile, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máirtín Mac Coitir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0627, Leathanach 313

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0627, Leathanach 313

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Corrbhaile
  2. XML Leathanach 313
  3. XML “Áitainmneacha - Paróiste Chill Ard”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ramhainn agus sluasad. (?) D'arduig sé leach an doruis agus thosuig sé ag romhar. Ba ghairid gur aimsig sé an próca. Bhí áthas agus lúthghaír air feín agus ar a mhnaoi agus bhí a ndothain len ithe agus lén ól aca as san amach.

    (54) TEAMPALL na NAOMH:
    Tá fothrach teampaill le feiscint fós ar an dtaobh theas de Dhroicidí na Rosa agus deirtear go raibh cuígear naomh 'na gcomhnuidhe ann in aimsir Phádraig Naomhtha.

    (55) CEANN CAPAILL:
    Seo cinntíre agus tá sé an-chosamhail le ceann chapaill

    (56) BOLÁN na LÉIME:
    Seo bharr aille atá dhá chead troigh os cionn na fairrge.

    (57) OILEÁN na bhFAOILEÁN:
    Seo oileán beag atá an-ghairid don mhór-tír agus nil aon teóra leis an méid faoileán a bhíonn le feiscint ann.

    (58) CARRAIG DUBH:
    Seo carraig cíor dubh in aice na móir-thíre.

    (59) OILEÁN GLAS:
    Tá an féar cath-ghlas(?) annso ar an oileán agus dá bhrígh sin tugadh oileán glas air.

    (60) LEACH na BRÉIDÍNÍ:
    Bhíodh na mná fado in a suidhe ar an lic seo ag cabaireacht agus san am gceadhna bhíodh an bhréidín á níghe aca.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cill Ard, Co. an Chláir