Scoil: An Corrbhaile
- Suíomh:
- An Corrbhaile, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máirtín Mac Coitir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Corrbhaile
- XML Leathanach 316
- XML “An Corrbhaile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an ainm sin air mar tá cor mór ar an mbóthar Chill Chaoidhe go Corr-bhaile. Iascaireacht is mó a dheineann siad ann. Iascairí is mó abhí ann fadó agus bhí breis is dacad naomhóg ann nuair abhí an bainrioghan Victoria í réim i Sasana. Áit mhór iascaireachta dob eadh é go mór mhór an fhairrge fé bhun Caisleáin an Bheal' Doird.(?)
Tá tobar beannuighthe ann ar a tugtar tobar Bhreandáin. Deirtear gur tháinig Naomh Breándán i dtír ann ag lorg fear le h-aghaidh seoltóirechta agus deirtear go ndeaghaidh deicneabhar fear in éineacht leis.
Rugadh agus tógadh i gCorr-bhaile mé agus is ann a rughad mo mhuinntir. Do bhí cuid mhaith daoine i gCorr-bhaile fadó ach táid go léir imthighthe anois.
Beannacht Dé Dhílis len a n-anamnacha. Daoine ana- chrúa
cneasta dob eadh iad san agus ní dheanfaidís aon díoghbháil ná dochair don na daine mór thímceall ortha mar a dheineann na daoine atá ann anois.
Na daoine atá ann anois nílid ábalta faich a dheanamh mar táid ró-leisceamhail. Tá cuid beag iascairí i gCorr-Bhaile anois agus biónn siad ag iascaireacht le líontasa bhFoghmhar- Faisnéiseoir
- Máire Ní Eochaidhe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Corrbhaile, Co. an Chláir