Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Suíomh:
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Gromail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 'S'é an t-am de'n bhliain is mo phósann daoine 'san áit seo na'san Inid. Deirtear nach mbionn an rath ar dhuine a phósann ar an Aoine nó ar an Satharn. Seo thios rann atá ag na daoine 'n-a thaobh(i mBeurla atá sé acu)
"An Luan do'n t-Sláinte
An Mhairt do Táinte
An Cheadaoin an lá is fearr ortha
An Daordaoin do bhás
An Aoine lá na gCros
An Satharn an lá is measa ortha ar fad"
Dar le daoine annso 's' iad na míosanna atá mi-rathmhar chun pósta, ná Bealtaine agus Lughnasa.
Deintear cleamhnaistí 'sa cheanntar so go foill, ach go h-airighthe fé'n dtuaith.Tugtar airgead i gcomhnuide mar spré. Seo an tslighe a'ndeintear cleamhnas 'sa cheanntar seo; Deineann an buachaill (agus cara no do 'n-a theannta) coinne le h-athair an chailín 'san mbaile mór agus is ann a deintear an margadh. Iarrann an buachaill spré airighthe agus má bhíonn athair an chailín toiltheannthach é thabhairt deintear an margadh. An Domhnach 'n-a dhiaidh san, annsan, teigeann an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Líodáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Máirtín Cuirtín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ros, Co. an Chláir