Scoil: Gort Both Fearna, Maurice's Mills, Ennis
- Suíomh:
- Gort Bhotha Fearna, Co. an Chláir
- Múinteoir: Tadhg Mac Garbhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá páirc in aice na h-áite seo agus deirtear go mbíodh na daoine maithe ag iomáint ann gach oidhche. Bhí fear ó Mhothair ag dul go h-Inis oidhche amháin. Bhí sé ag marcaidheacht ar chapall. Nuair a thainig sé chomh fada leis an bpáirc sin do stad an capall agus ní raghadh sé thar an áit pé rud a dhéanfadh an fear leis.Chuala an fear an léasadh sliotar ach ní fhaca sé ao' rud. Thuig an fear annsan go raibh rud éigin ag cur sgáth ar an gcapall. Chas sé timcheall ar a mbóthar agus chuaidh sé isteach i dtigh Uí Cuidithigh go maidin.Chuaigh sé go h-Inis an bóthar céadna ar maidin agus deamhan sos ná staonadh a dhein an chapall nuair a tháinig sé cómh fada leis an áit gcéadna.
- Bailitheoir
- Tomás de Barra
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort Bhotha Fearna, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Máire de Barra
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort Bhotha Fearna, Co. an Chláir