Scoil: Gort Both Fearna, Maurice's Mills, Ennis
- Suíomh:
- Gort Bhotha Fearna, Co. an Chláir
- Múinteoir: Tadhg Mac Garbhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó fad ó bhí bothán beag suidhte idir Gort Both-Feárna agus Dromcárna. Do bhí sean bhean na cómhnaidhe sa bhothán so in aonair dár bainm Siobhán.Deirtear go mbíodh na daoine maithe le feiscint annsan i gcómhnaidhe. Nuair a fuair Seana Siobhán bás bhíodh furmhór rudaí le feiscint ann agus mórán gleó agus sidear seadar le cloisint ann.Bíonn sgannradh ar cuid maith daoine ag dul thar an áit sin fós ó thagann dorchadas na h-oidhche go éirighe gréine. Dubhairt Brighid ní Moch Éirighe le duine éigin a chuaidh ag lorg leighis cúiche gurab áit ana aerach ar fad an bóthar dir Cabhal Shiobhan agus an gleann inaice le(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micheál Ó Cilltreáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort Bhotha Fearna, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Siobhán Ní Cilltreáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort Bhotha Fearna, Co. an Chláir