Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
- Suíomh:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seosamh Devitt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí doras an tíge oscailte, agus chuaidh sí isteach ann. Ní raibh sa teach le feiceál aici acht sean-fhear agus sean-bhean agus bhíodar aosta. Níór labair aoinne léi acht do shuidh sí síos. Bhí teine mhaith, agus pota fataí bruighte i leath taobh den teallaig agus pota féoil ar an dtaobh eile. Ní raibh sí ibhfad ann go leag an tsean-bhean plataí anuas agus nuair a bhí itte aca do glan an tsean bhean an tigh. Ní raibh an teach ní ba leithne nó raibh an bórd ilár ar ar urláir go rabadar indon a ndruim bualadh ar an bfalla ar gach taobh, agus fé dheire d'éírig an tigh an mhór ar fad. Fé dheire d'ósgail an tseanbhean doras an tseómra, agus tháinig piobaire is fiche amach, agus a cuid phíopaí fé na asgal, agus cathaoir ag gach ceann aca. Annsan thósnuig an céol. D'éirig an tsean-bhean agus an tsean-fhear, a bhí san(leanann ar an chéad leathanach eile)