School: Carraig an Chabhaltaigh
- Location:
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
- Teacher: Tomás Mac Craith
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Carraig an Chabhaltaigh
- XML Page 017
- XML “Progaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ní dheaghaidh Domhnall cuige nó go bhfuair sé daoine uisle ar suipéar ag an tigh aige. Chuaidh Domhnall annsan agus thug sé an buidéal leis go dtí an teach chuige. Nuair chuaidh Domhnall isteach sa teich cuireadh fios air chun dul isteach sa pharlús go dtí sna h-uaisle. D'fhiafruigh an tighearna dhe ar thug sé an buidéal leis. "Tagas" arsa Domhnall. "Leag ar an mbord é", arsan tighearna "go bhfeiciíd é". Nuair a bhí an buidéal ar an mbord dubhairt Domhnall leis a duital a dhéanamh. Seo amach ceathrar fear as an mbuidéal agus maidí aca. Cromadar a bheith ag ghabháil ortha soir iseal agus uasal nó go rabhadar leath-beo agus leath-marbh aca. "A Dhomhnall Mac Cathraig" arsan tighearna "abair leis na fearaibh sin stad nó bhainafidh mé an ceann díot i gceann neóimaid". "Ní fhéadfainn iad a stad" arsa Domhnall, "go dtabharfaidh tú dom an buidéal a thug mé duit ar dtús". "Tá sé annsan ar an gclár ós cionn na teineadh agus arduigh leat é", arsan tighearna thalmhan. Nuair a thug sé an buidéal abhaile leis bhí áth agus sonas leis ní bo mhó.---Crioc.Fuarthas ó Séan O'Loinsigh.
Seoladh - Carraig a' Chabhaltaigh, Co. an Chláir.
Aois - 70
Tógadh (é) i gCuigeann Caoithrinn, Co. an Chláir.
Chuala sé é ó Micheál de Piarais, Coill Chaoidhe.
Aois - 75Mí na Nodlaig 1938- Informant
- Seán Ó Loingsig
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir