Scoil: Glenanore
- Suíomh:
- Gleann Fhionnúir, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Séamus Ó Maoldhomhnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Glenanore
- XML Leathanach 012
- XML “Ainmneacha Áite”
- XML “Ainmneacha Áite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Páirc na Cille
Páirc í seo atá i seilbh Bean Ui Ghadhra i gCnoc an Aifrinn. De réir na sean daoine bhí cill nó eaglais anseo timpeall sé chéad bliain ó shoin. De réir gach cúntas do tógadh an chéad eaglais sa paróiste seo i lár an oirthear, áit an-iargcúlda. Ansin do tógadh ceann eile i gCnoc an Aifrinn. Le h-imeacht aimsire do thit an seipéal agus do deineadh an t-Aifrinn a léigheamh sa pháirc. Tugtar Páirc na Cille air ó shoin agus "Cloch an Altóra" ar an gcloic a bhíodh mar altóir ann.Currach na mBráithre:
Ar thaobh an bhóthair as so go Baile Mhic Chairbre mar a ghabhann an t-aith-ghiorra ó Droichead Cnoc an Lisín go Gráig na nGabhar tá currach atá beagnach tirm anois ach dréir na sean daoine bhí paiste tirm is lár istig mar a bhí clúdach maith de sgeachaibh agus ón dtaobh amuich bhí casán beag ag dul isteach tríd an bportach. Le linn na dlighthe peannadach bhíodh na sagairt istig na lár ar a dteitheadh. Ar deire thiar thall sgéitheadh duine éigin ortha agus tháinig na saighdiúirí ar a dtóir.- Faisnéiseoir
- Tomás de Bhál
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Cnocán an Aifrinn, Co. Phort Láirge
- Currach na mBráithre:-Ar thaobh an bhóthair as so go Baile Mhic Chairbre mar a ghabhann an t-aith-ghiorra ó Droichead Cnoc an Lisín go Gráig na nGabhar tá currach atá beagnach tirm anois ach dréir na sean daoine bhí paiste tirm is lár istig mar a bhí clúdach maith de sgeachaibh agus ón dtaobh amuich bhí casán beag ag dul isteach tríd an bportach. Le linn na dlighthe peannadach bhíodh na sagairt istig na lár ar a dteitheadh. Ar deire thiar thall sgéitheadh duine éigin ortha agus tháinig na saighdiúirí ar a dtóir.(leanann ar an chéad leathanach eile)