Scoil: Béal Feirsde / Belfarsad (uimhir rolla 16374)
- Suíomh:
- Béal Feirste, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Prionnsias S. Ó Gallachobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)síad liom nach raibh fhios aca. “Lios an tighe Mhóir”. Tá an lios seo suidhte i Maigh Mhuilinn shíos ag cois an chladaigh. Tá cuma chruin air agus tá claidhe thart ar an lios sin. D’iarr mé ar na sean daoine an raibh baint ag na Tuatha De Danann nó na lochlannaigh agus dubhairt síad liom nach raibh fhios aca. Níl aon pholl ar mhullach an leasa sin.
Níor chuir duine ar bith isteach air ariamh. Níor chuala duine ar bith de’s na shean daoine ceol in aice an lios sin ariamh nó ní fhaca síad soillse thart air. Níl aon sgéal agam faoi an lios sin’
Líos an ghuib dóighte. Tá an lios seo suidhte i Máigh Mhuilinn síos ag cois an chladaigh. Níor chuir duine ar bith isteach air an lios sin ariamh. Tá cuma chruin air. Connaic duine soillse ar mhullach an leasa sin oidhche amháin agus bhí an duine sin ag teacht abhaile in a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáitlín Ní Sheoighe
- Inscne
- Baineann