Scoil: An Mhainistir (uimhir rolla 13130)
- Suíomh:
- Bun an Churraigh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Mhainistir
- XML Leathanach 01_005
- XML “Seanphaidreacha”
- XML “Scéalta Crábhaidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(8) Lá breágh míle ghlór do Dhia.
(9) Go sábháilidh Dia na nGrásta ar an tonn bháthtí iad.
Ó bhéal Máire mac an Ulcaigh
Caiseal Bun an Choire
Acaill - Sgéalta Cráibhidhe:
3adh Nodhlaig 1937 Bí bean ann fadó agus bhí go leor peacaidh uirthí. Bhí sí í gcomhnuidhe í bhfatcíos dul í láhtair Dé ná an t-sagart. Acht ar deireadh chuir Dia cruinniú ar na daoine ar fad. Tháinig sé agus sheas sé ina measc agus dubhairt sé. “An fear ná an bhean atá saor caithfidh se cloch” agus ní raibh aon dhuine shaor acht an bhean bhocht seo mar bhí a cuid peacaidh maithcí ag dia dhí.
Ó béal Máire Mac An Ulcaigh
Caiseal Bun an Coire, Acaill- Bailitheoir
- Pádraig Mac An Ultaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máire Mac An Ultaigh
- Inscne
- Baineann