Scoil: Dubh Achadh/Dooagh (B.)
- Suíomh:
- Dumha Acha, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: S. Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubh Achadh/Dooagh (B.)
- XML Leathanach 02_012
- XML “Diarmuid a' Reatha agus an Garlámhach”
- XML “Na Gadaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Caib II – Na GadaidhtheNuair a bhí Diarmuid suim aimsire i gConndae na Gaillimhe, tháinig gadaidhthe go hAcaill, ag thabhairt leobhtha maoin bó do bhí ag Gar Lámhach Ó Bláthmhail, agus nuair a thug siad leobhtha iad, d’imthigh an Gar Lámhach siar go Conndae na Gaillimhe, ag iarraidh Diarmuid a’ Reatha Uí Mháille, agus ag innsin dó go dtug na gadaidhthe na beithidhigh leobhtha, agus go dtáinig sé ghá innsin do-san gur imthigh siad, agus ag éileamh a chonganta.Nuair a chaith sé a dhinnéar d’iarr Diarmuid air imtheacht agus a bheith i n-áirdeall na mbeithidheach, agus go leanfadh sé féin e lá ar n-a bhárach. D’imthigh Diarmuid ar maidin agus a trí contacha leis, agus nuair a bhí sé ag dul sios Gleann na Magh Dubh cailleadh an chéad cú; ghearr sé uaigh dí le n-a claidheamh, agus chuir sé sa talamh í.Ag dul thar Mám a’ Sgárdáin cailleadh an darna cú thuit sí marbh – agus d’fhosgail sé uaigh le n-a chlaidheamh dhi, agus chuir sé í.Ag dul síos Gleann Tomais dó, thuit an tríomhadh cú marbh ag a n-a chosaibh; d’fhosgail sé uaigh dhi le n-a claidheamh agus chuir sé í.(leanann ar an chéad leathanach eile)