Scoil: Fews, Coill Mhic Thomáisín
- Suíomh:
- Coill na Gráinsí, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Úna Ní Dhonnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Téigir deich míle soir ó thuaidh ó Dúngarbhán agus tabharfaidh sé go bun sléibhte an Comaraigh thú. Bhí an dúthaigh cómh Gaedhealach le h-aon duthaig eile in Éirinn go dtí déidheanaighe, ach, is baogalach nach mar sin atá anois don dream óg - cé go bhfuil an sean-dream Gaelach fóf.
Buail siar an bóthar atá ar thaobh do láimhe clé ag crosaire Léim Uí Bhriain agus tabharfaidh sé go bun Sléibhte an Comaraigh thú. Ba é seo dúchaigh na mbrianach. Bhí triúr driotháir ann san seachtmhadh aoise deag agus trí caisleáin acu, ceann ag Bearna na Coille, ceann ag an Comaraigh agus ceann eile ag Ford Liach. Tá cuid de Caisleán Bearna na Coille ann fós ach tá an dá chaisleán eile ar lár le fada de bhliantaibh.
Is deachair aon cuir síos do dhéanamh ar sléighte na Comaraigh. Tá siad comh mór agus comh fiadhain agus comh fairsing sin nár mhór do dhuine a shaoghal do chaitheamh leo chun cur síos i gceart ar a n-áileacht agus ar a n-aoibhneas