Scoil: Baile Nua, Coill Mhic Thomáisín
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Muiris Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua, Coill Mhic Thomáisín
- XML Leathanach 82
- XML “Seanfhothrach Séipéil i gCill Rosanta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins an sean-reilig i gCill Rosannta tá fothrach séipéil ann. Níor cruithíodh i gceart cad é an aois atá ann ach tá leacht sa reilig agus an dáta 1745 ann. I lár na reilige tá saghas pluaise, mar uaig mór agus cláre ós a cionn. Pluais Valentine a tugtar aurthi. Is mó scéaltan truaigh-mhealacha a ministear mar gheall ar An Gorta agus an pluais seo. Na daoine go raibh an fiabhras aca, cuireadh as tighthe iad agus thugadar aghaidh ar an bpoll san. Is minic a d'airigh mo shean-mháthair a rá go minic a thugadh sí corcán praiseach agus bainne nua go dtí an claoidhe ar aghaidh na pluaise agus go gcuirfeadh sí ar an gclaoidhe iad mar bia dos na bocht. Do dheinidís lámhachán ansan i dtreo an bídh mar ní raibh an neart ionnta siúl a dhéanamh. Do théigeadh an sagart ann go minic ag cur an ola déanach ortha agus níor ghlac sé an fiabhar cé gur fuaireadar bás in a scoraibh ann.
Beagáinín taobh theas den reilig tá trí tobair naomhtha ann, ceann(leanann ar an chéad leathanach eile)