Scoil: Mín na gCroise
- Suíomh:
- Mín na Croise, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Amhghaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mharcuidheacht trí h-uaire thart ar an chaisleán.
Nuair a bhí siad ag dhul thart thug inghean Ríogh Lochlainn fá deara go raibh ball dearg ar a mhuinéal. Chuaidh an Prionnsa isteach a’s dubhairt
“Mise a rinne an marcuidheacht.”
“Chan tú maise” arsa inghean Ríogh Lochlainn
“Ní h-é tusa a bhfuil an ball dearg ar do mhuinéal”.
Chuaidh an Prionnsa amach annsin a’s dubhairtsé “níl gar ar bith domhsa ann, thig leatsa dul isteach anois”. Chuaidh Crúbaidh isteach a’s bhí an Ríoghán sástha é a phósadh acht ba mhaith le na h-athair fhagháil amach cé’n cinéal toighe bhí ag Crúbaidh sa bhaile. Chuir sé dhá theachtaire ‘na bhaile le Crúbaidh a’s imeasg an bheirt aca bhí an Prionnsa.
Nuair a tháinig siad fhad le Loch Béarra bhí sgaifte gabhar ag an doras a’s dhá adharc ar achan ceann aca. Nuair a chuaidh siad isteach bhí athair Chrúbaidh ag deánamh a dhinnéara a’s bhí pota préataí ar a ghlúin aige. Nuair a bhí sé críochnuighthe thriomuigh sé a lámha i ngrainín easrach. Chuir sé slat iasgaireachta amach ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Róise Nic Amhlaoibh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ui Amhalghaidh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall