Tomás Ó Muircheartaigh

Inscne
Fireann
Dáta breithe
27 Márta 1907
Dáta báis
17 Márta 1967
Áit bhreithe
Bóthar Bheanntraí, Co. Bhaile Átha Cliath
Naisc
Eolas

Tá meas ar leith ar na híomhánna a ghlac an grianghrafadóir amaitéarach clúiteach de ghnáthdhaoine i gceantair tuaithe na hÉireann, go háirithe sna ceantair Ghaeltachta. Bhain sé sult ar leith as a bheith ag siúlóid agus ag plé le cúrsaí teanga agus cultúir na tíre, téamaí atá le haithint ina shaothar grianghrafadóireachta.

Foilsíodh rogha shuntasach dá shaothar griangrafadóireachta sa bhliain 1970, i leabhar álainn dar teideal An Muircheartach, saothar a bhain ardmholadh amach. Ar an drochuair níor tháinig na bundiúltáin ón leabhar slán, ach ar an dea-uair bronnadh thart ar mhíle dá chuid diúltán 35mm ar Choimisiún Béaloideasa Éireann, réimse grianghraf atá inchomparáide leis na híomhánna atá sa leabhar.