Seán Mac Mathúna

Ainmneacha eile
  • Seán Mac Mathghamhna
  • John McMahon
  • Seán McMahon
Inscne
Fireann
Dáta breithe
24 Iúil 1876
Dáta báis
18 Nollaig 1949
Seoladh
Gairm bheatha
Naisc
Eolas

Bailitheoir béaloidis le Coimisiún Béaloideasa Éireann a bhí i Seán Mac Mathúna. Líon sé cóipleabhair éagsúla le béaloideas na háite agus lena scríbhinní féin idir na blianta 1929 agus 1947. Is i nGaeilge atá an chuid is mó den ábhar, taifead tábhachtach ar chanúint atá nach mór imithe uainn anois.

Scríobh Mac Mathúna an chuid is mó den ábhair óna chuimhne féin agus é ag breacadh síos liostaí d'fhocail Ghaeilge ón gceantar agus ag lorg freagraí ar cheisteanna ó threoirleabhar an Choimisiúin, A Handbook of Irish Folklore (Ó Súilleabháin, 1942). Baineann an t-ábhar seo le gnéithe éagsúla den seanchas áitiúil go príomha: cur síos ar thithe dúchais nó leigheasannanósanna pósta, mar shampla. D'fhreagair Mac Mathúna ceistneoirí éagsúla i rith a ghairme chomh maith, ar thopaicí chomh hilchineálach le bataí 'scóir', bás agus tinneas, éide thraidisiúnta agus Lá Fhéile Mártain. Tá bailiúchán breá ann de na seanscéalta fada a bhailigh sé ó scéalaithe ar nós a ghaolta Seán Carún (Johnny Carey) as an Luach Theas agus Stiofán Ó hEalaoire (Stephen Hillary) a bhí ina chónaí i mBaile Uí Bháire agus i nDún na gCorr. Chuir Mac Mathúna go mór mór go pearsanta le caomhnú bhéaloideas agus thraidisiún scéalaíochta an Chláir; choinnigh sé taifead ar thraidisiún na Gaeltachta agus ar luachanna a phobail féin i dtuaisceart an Chláir, pobal ar tháinig cáil air mar gheall ar thaighdeoirí ar nós na n-antraipeolaithe Arensberg agus Kimble.

Bhailigh Mac Mathúna, fear nár phós riamh, stór sunstasach béaloidis ó mhná agus faoi mhná ina cheantar dúchais féin le linn a ghairme. San áireamh, tá idir amhráin, scéalta agus eolas maidir le nósanna breithe (mná cabhracha, nós an ‘choisreacain’), éadaí na mban agus obair na mban.

Choinnigh Séamus Ó Duilearga, Stiúrthóir Oinigh Choimisiún Béaloideasa Éireann, gach litir a scríobh Mac Mathúna: chreid sé go mbeadh suim ag daoine iontu mar go léiríonn siad taifead domhain ar chanúint na Gaeilge áitiúla, Gaeilge an Luaigh Thuaidh. Déanann Mac Mathúna cur síos ar a chuid taistil agus é ar thóir an bhéaloidis, sonraí ar a shaol pearsanta i dteannta tráchtaireachta ar ócáidí a linne, mar shampla an Reifreann ar Bhunreacht na hÉireann i 1937. Cuirtear pictiúr de shaol na ndaoine le linn na hÉigeandála in iúl iontu freisin, agus déanann Mac Mathúna cur síos ar na deacrachtaí a a chuir an chiondáil air agus é ag bailiú ábhair. Oibrí feirme ab ea Mac Mathúna ar feadh a shaoil agus — ar nós Heaney — thug sé 'an rún (.i. rámhainn) a bhfuil an feac éadrom inti' ar a pheann. Chuaigh sé ag tochailt i ngort an bhéaloidis i gceantar an Luaigh Thuaidh agus tháinig sé ar sheoda.

Is féidir teacht ar thráchtas an Dr Michelle Dunne, Saintréithe de Thraidisiún Béil na mBan agus Léiriú na mBan i gCnuasach Sheáin Mhic Mhathúna (2023) anseo. Stiúir an Dr Úna Bhreathnach (DCU) agus an Dr Críostóir Mac Cárthaigh, Stiúrthóir Chnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD, an taighde i gcomhpháirt. Fondúireacht Mhuintir Bhairéid a rinne urraíocht fhlaithiúil ar an taighde.