Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 December 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)poll a’ duibh agus thabharfa leat an oiread san de’n dubh so agus do scaoilfá dhe an t-uisce do bhí air i gcaitheamh na h-aimsire roime sin, agus é sin a
scaoíleadh air agus é fhágaint lá eile annsan mar uisce - bhí sé chómh reamhar le h-ao’ bhainne reamhar ar feadh cheithre uaire fichead agus é thógaint suas
annsan agus níl ao’ bhaoghal go dtagfadh aon t-sóinseáil go bráth arís sa dath san go dtí
go gcaithfeadh an olann nó go gcaithfeadh an iadach, pecú bhí sé in’ olainn nó in’ iadach ’á
chuir ann. Thógaithí- nuair a bhí an t-iadach ceapaidhthe ar an méid sin cheart a bheith caithte un - tógaithí suas é agus do biarfí go dtí glaise é d’uisce
ana-ghlan agus do níghfí agus do ghlanfí é agus do leogfí
dho thriomú’ agus bhí deire leis annsan. Fíos a chuir ar a’ dtáiliuir nó pé duine dhianfadh é - pé úsáid a dhianfí dhe, bhí sé ’liúnach ar aon úsáid annsan - Bhíodh reamharúchán ar siúbhal aca leis fudó ag baile agus do chonnac é age mh'athair - agus agem’(leanann ar an chéad leathanach eile)