School: Port an Iascaigh (roll number 7903)

Location:
Tip, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Shíthigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 428

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 428

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Port an Iascaigh
  2. XML Page 428
  3. XML “An Fear agus an Cat Dubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann uair amháin. Bhí an fear so an-bhocht agus b'éígean do dul go Sasana fé dhéin oibre. Fuair sé obair ag déanamh long. Sa teach 'na raibh sé ar lóistín bhí droch-mheas ag bean-a'-tighe air faoi gur Ghaedheal é agus go raibh sé bocht. Nior thaithnig an áit leis sin acht an oiread mar bhí lucha go h-iomadamhail ann agus ní leigeadh siad néal codalta air san oidhche.
    Lá amháin agus é ag siubhal do féin casadh bean air agus cat dubh aici. Stad sé agus d'fhaifruigh sé di an ndíolfadh sí an cat. Dubhairt sí go ndíolfadh. "Cé'n luach (?) atá uait ar an gcat?" ars an fear. "O cúpla pighin" ar sise. Cheannuigh sé an cat uaithi ar chúig pighne.
    Shiubhal leis abhaile agus an cat 'na bhaclainn aige. Níor stad gur shroich sé a sheomra codlata agus gur fhág sé an cat istigh ann. An oidhche sin mharbhuig an cat mórán do na luchaibh agus an dara oidhche agus oidhche 'na dhiaidh sin go dtí ná raibh luch ar bith sa teach. Bhí cion mór ag an bhfear ar an gcat agus thugadh sé biadh agus deoch dá fheabhas dó.
    An lá áírithe seo bhí long nua
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0545: The Cat as Helper
    Language
    Irish