Scoil: Sliabh Liag

Suíomh:
Mín na bhFiann, Co. Donegal
Múinteoir:
Caitlín Nic An tSaoir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 82

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 82

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Liag
  2. XML Leathanach 82
  3. XML “An Gasúr agus na Géacha”
  4. XML “Scéilín Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí an t-Easbóg i mBaile ‘n Droichid uair amhain agus an tráthnóna bhog sé leis amách beálach Tamhnaigh.
    Ar a bheálach cásadh gasúr dó ag tiománt gé. “Go mBeánnuighidh Dia Dhuit” arsa seisean. “Go mbeánnuighidh an fear ceudna dhíbh, a Thíghearna Easbuig” arsan gasúr. “An bhfuil an Teagasc Críostaidhe agat” arsan t-Easbóg. “Is cinnte go bhfuil” arsan gasúr. “Cé méad Dia ann”? arsan t-Easbóg. “O! bhí naoi gcinn ann acht d’ith madadh Chonaill Ruadh an ceann do triúr acú.
    Sé n’d a shaoil an gasúr bocht gur fhiafraigh sé, “Cé mhéad gé ann?
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Innéacs seanscéalta
    AT2200: Catch‑tales
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheal Uí Ceinnide
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chríonmhín, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Ióseph Uí Ceinnide
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    An Chríonmhín, Co. Donegal
  2. Sgéilín Grinn.
    Bhí triúr deárbhrathair ann fad ó darbhainm Piobár, Salainn agus Bhí Do Thost.
    Chuaidh Piobár amách lá ‘mhain agus thainig séidean gaoithe air agus siabadh ar siubhal é.
    Chuaidh Salainn amách lá eile agus thainig cíoth feárthainne air agus léaghadh sé.
    “C’ainm seo bhí ar an tríomhadh fear?” “Bí Do Thost”.
    “Bhal! béidh mé mó thost”
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.