School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leat."
D'imthigheadar leó nó go rabhadar gar do'n D. Thiar aríst. Dubht an each bhán leis an ngiolla í féin a mharbhú agus í osgailt agus faoi cheann tamaill go dtiocfadh trí éan ghá piocadh féin agus ar bheith tamall ghá piocadh dóibh go rachadh siad isteach innti agus ar a bhfaca sé riamh gan iad do leigint uaidh, mar gurab iad sin a d'innseóchadh dó cé bhfuigheadh sé Tobar na Buaidhreadha. Bhí go maith's ní r. go h-olc. Ba ghearr a bhí an e.-bhán marbh nó go dtáinic na trí éan, agus, faoi cheann tamaill, go ndeachaidh siad isteach innte, agus ar an bpoinnte 'ndeacha siad isteach innte rug an giolla orthu agus d'fhiafruigh díobh cé raibh T. na B. Dubhradar leis go ninnseóch siad sin dó agus fáilte ach iad a leigint amach. Gheall sé go leigfeadh. Dubht. siad leis iad féin do leanacht is go dteasbánfadh siad féin dó cé raibh an tobar. D'imthigh leis na héanacha 's d'imthigh an giolla 'na ndiaidh nó go dáiniceadar go dtí T. na B agus annsin dubht. na h-éanaacha leis an ngiolla a dhul isteach i dteach a bhí in aice na h-áite agus trí bhuidéal falamh fhagháil le haghaidh an uisge. Dubht. an g. leo nach r. ag teastáil ach ceann amháin ach dubht. siad leis go mbéidir nach mar sin a bheadh an sgéal. Ach fuair sé na buidéil agus ar theacht ar ais dó ní raibh blas clumhaighe na feóla ar na héanacha ach iad dith-beó. Ní dhearna an g. ach na trí bh. a líonadh agus braon as ceann acu a chaith' ar na héanachaibh agus ar an bpoinnte bhíodar chomh maith agus bhíodar aon lá riamh. Tháinic sé annsin go dtí an áit a raibh an each bh. agus chraith cuid do'n uisge uirri agus bhí sí aríst chomh maith agus bhí sí roimhe sin.
Tháinic an giolla ar ais go hAlabain agus an t-uisge aige. Nr. a chonnaic inghean R. an D. Th. an t-uisge ar ais. Ghlac sí bhuidheacas leis(continues on next page)- Informant
- Pádhraic Ó Cúláin
- Gender
- Male
- Age
- 25
- Address
- An Teach Mór, Co. Galway