School: Árd Mhór
- Location:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Gleasáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Mhór
- XML Page 076
- XML “Scéalta Greannmhara”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- X
Bhí fear agus bean ann fadó. Domhnall agus Donnóg an t-ainm a bhi ortha. bhí na daoine seo ann bocht agus ní raibh móran le n-ithe aca. Bhí Domhnall 'na ghréasaidhe. Bhí sé ag cuir caoi ar bhróga lá amháin. Ní raibh aon bhlas le n-ithe aca ar a n-deinnéir. Chuaidh se féin amach i dteach comharsan agus thug an bhean péire bróg dó le caoi a chuir ortha. D'iarr Domhnall cupla sginning orra le h-aighidh mala mhin bhuidhe a cheannacht san siopa. Mar ní raibh plúr ar bith ann an t-am sin. cheannuigh sé mala mine agus thug sé abhaile é agus dubhairt le Donnóg é a bhruith. Sé an rud a rinne Donnóg ná an min bhuidhe a thabhairt amach ar an t-sraid agus é a dhoirteadh amach ar bhraith ionnus go mbéadh fios aice cé mhéad a chuirfeadh sé ar an bpota. Tháinic stoirm mór agus d'imthigh an mine leis an ngaoth. Nuair a tháinic Domhnall ní raibh aon bhlas le n-ithe aige agus dubhairt sé go n-imtheochadh sé as an teach ar fad. Dubhairt Donnóg go raibh sean bhó amuigh san garraidhe agus é a mharbhadh. Mharbhuigh sé an bó agus thug sé isteach í.(continues on next page)- Collector
- Nóra Ni Chuálaín
- Gender
- Female
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Informant
- Peigí Ní Chuáláin
- Gender
- Female
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway