School: Árd Mhór

Location:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Gleasáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 092

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 092

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Mhór
  2. XML Page 092
  3. XML “Seancheirdeanna - Ag Déanamh Ciseán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seo é an caoi a dhéantar ciseán. Théigheadh siad ar bainnt slat ar dtús. Nuair a bhíonns siad baint fagann siad in áit eicínt é nó go mbeadh siad roinnt searacaithe. Nuair a bhíodh siad roinnt searacaithe d'fhágaidís amuigh san mbaisteach iad ar feadh tamall. Thosuigheadh siad ag déanamh an ciseán annsin. Baineann siad sgraith as an talamh ar dtús agus saitheann siad slatracha síos ann. Snaoitheann siad na slatracha annsin nó gearrann siad iad. Is é an chéad rud eile a dhéanann siad ná an buine béil. Nuair a bhíonns tuairim is troigh dhe déanta tosuigheann siad ag déanamh na táisibh fágann siad poill i lár an ciseáin. Bíonn siad ag déanamh an ciseán annsin nó go mbíonn tuairim is ocht n-órlaigh déag ar aoirde. Déanann said an tóin nuair a bhíonns sé sin déanta aca fághann siad píosa rópa laidir agus ceanglaigheann siad ar an gciseán é tugtar cris ar an rópa seo a chuirtear air.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
          1. basket-making (~471)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Cheanndhubháin
    Gender
    Female
    Address
    An Aird Mhóir, Co. Galway
    Informant
    Pádhraic Ó Cheanndhubháin
    Gender
    Male
    Address
    An Aird Mhóir, Co. Galway