Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- Clifden, Co. Galway
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Seán fice blian d'aois, agus aon lá amháin chuaidh sé chuige an mbaile mór. Connaic sé lód turnapaidhe. Ní raibh Seán i mbaile mhór ariamh nó chan fhaca sé turnap ariamh a roimhe. D'fhiafruigh se caidé an seórt roda iad so. Dubhairt an fear a bhí da ndíol gur bh'uigheacha lárach iad.
Chreid Seán é, agus ceannuigh sé turnap ar sgilling. Bhí sé ag teacht a bhaile go cúramach leis, agus é faoi n-'asgail aige, nuair tháinic sé chuige abhainn. Bhí dúil aige an abhainn a léim, agus chaith sé an turnap trasna na habhna isteach i ndosán aitinne.
Bhí gearrfhiaidh ins an dosán aitinne. Léim sí suas agus as go bráth léithi. Shaoil Seán gur searrach óg a bhí ann, agus léim sé an abhainn, agus lean sé i, ag gloimnigh amach: "Stad, stad, adeirim leat."
Acht char stad an gearrfhiaidh, agus chuaidh Seán a bhaile go brónach, agus e ag mallachtaighe ar an bhfear nár dhubhairt leis go raibh an ugh ar bhruach a theachta amach.- Bailitheoir
- Barbara Ní Congaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Clifden, Co. Galway