School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)

Location:
Kilmocomoge, Co. Cork
Teacher:
Conchobhar Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 237

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 237

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Com Sheóla (B)
  2. XML Page 237
  3. XML “An Fear agus an Bás”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Suim blianta ó shoin do mhair fear, darb bainm do Seán Ruadh, timcheall na háite seo. Rugadh mac do agus ní gach aoinne a chuirfeadh sé mar athair baistighe ar an leanb. Tháinig Ár dTighearna, moladh go deo leis agus thairrig sé bheith mar athair bhaistighe air. "Ó" arsa Seán "ar a son gur duine fóghanta Thú ní chuirfinn mar athair baistighe ar mo leanbh Tú, tugann tu morán saidhbhris do dhaoinibh agus fágann tú daoine eile go bocht dealbh.
    Tamall na dhiaidh sin tháinig an Bás agus dubhairt sé go seasochadh sé fein leis an leanbh. "Ó" arsa Seán, "is tú an fear ceart, beireann tú an bocht is an nocht, an lag is an láidir leat. Níl aon spleadhchas le coinne agat." Sheasaimh an Bás leis an leanbh agus bhí Seán agus an Bás ana mhuínteardha as san amach.
    Lá amháin dubhairt an Bás mar seo le Seán:- "má ghlacann tú mo chómhairle beir ar na daoinibh is saidhbhre sa dúthaig. Leig amach go bhfuil leigheas agat ar gach galar agus aicíd. Annsan curfar fios ort chun teacht chun daoine a leigheas agus diolfar go maith thu. Ach feuch" arsan bás "aoinne go bhfeicir mise ag a chosaibh níl bac ort é leigheas, acht bíodh ort fein, aoinne go bhfeicir mise ag a cheann gan bac le na leigheas, tabhair suas é."
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0332: Godfather Death
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ua hEaluighthe
    Gender
    Male
    Age
    92
    Address
    Farranfadda, Co. Cork