School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)

Location:
Kilmocomoge, Co. Cork
Teacher:
Conchobhar Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 311

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 311

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Com Sheóla (B)
  2. XML Page 311
  3. XML “Amhrán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Amhrán

    Maidin aoibhinn fhaghmhair is mé ag gábhail an bóthair sios

    Maidin aoibhinn Fhoghmhair is mé ag gábhail an bóthair sios
    Do dhercas fein an smólach agus í ar chraoibh im thaoibh
    Do bheurfainnse duit comhairle (ar sí) dá dtóg fas-sa uaim í
    Leog sa dod' ólsa agus gheóbhair cead bó le mnaoi.
    As nách mor an náire d'óigfhear bheith tugta d'ól mar taoi,
    Do chosa tá gan bróga le tuille mor is mí,
    Níl aon bheann ag cailín óg ort na aoinne dod chómhghas gaoil
    Is ní cuideachta ceart dóibh tú ar aonach mor an rí.
    Stadassa ar feadh neómait is síleas deór dá druim,
    Do cheapas gur bí Flóra í mo an bád so sheól dliste le Maois
    No Nelen cliste an óigbhean do bhuaidh cacha mor na Traoi
    Ní ghlaodhfad cainncín Nóra is ní raghad le scór na dighe.
    Nuair a chualaidh bean an óil í is dubhach dubhrónach mar do bhí
    Ná cuirse aon suim sa smólaig faid a sheinfidh sí a nóta ar chraoíbh
    Meall an caílín óg leat go tig an óil anso arís,
    Tabhair di puins a dóthain is gheobhaidh tú póg 'a dhruim.
    Nuair ghabhaimse arís an bóthar seadh gheibhim an stól chun suidhe,
    No gloiní glana ar neómac agus ceig is beóir lem' thaoibh
    Cuideachta chun óil agus gan dabht an Landlady
    Is nuair a phiocfaidh sí mo phóca ar chúl na móna ansan a bhím.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Diarmuid Ua Caochlaí
    Gender
    Male
    Age
    100
    Address
    Snave, Co. Cork