School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (roll number 9229)

Location:
Letterkelly, Co. Clare
Teacher:
Seosamh Mac Dáibhid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 063

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 063

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
  2. XML Page 063
  3. XML “An Coileach Draíochta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí baintreabhach bocht ann fadó,a gus bhí triúr ingean aici. Bhí an bhean ba shine acha ag tabhairt bíd dos na cearcaibh sa sráíd nuair tháínig coileach beag, gus thosnuigh é ag ithe an bíd ar na cearcaibh. Chuaidh an ingean isteach agus d'innis sí a sgeúl dá máthair, agus d'fhiafruigh sí dhi cad a dhéanfadh sí. Sé dubhairt an máthair léi, imtheacht agus breith ar an gcoileach, agus é thabhairt isteach, go marbhóchaidís, agus go n-iosaidís dóíbh féín é. D'imthig an ingean amach agus thug sí iarracht fé an gcoileach, acht má thug d'imthig an choileach uaithí, agus do lean sí é, agus do bhí gá leanmhainte riamh agus coidche go dí go ndeacadar araon isteach i gcoill a bhí cómhgarach don áit. Ní fhada bhíodar ag rith tríd an gcoill nuair d'imthig an coileach as radharc an cailín agus béigin di stad. Nuair a d'fhéach sí na timcheall ní raibh le feiscint aice acht crainn, agus crainn agus crainn agus síor crainn, agus bhí aon bhótháinín amháin in gar dí. Bhí tuirse uirthí taréis a reatha indhiaidh an coileach agus chuaidh sí faoí dhéin an bhotháinín agus chuaidh sí isteach. Ní raibh aoinne istig roimpe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish