Imleabhar: CBÉ 0283

Dáta
1928
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0042

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0042

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí cúpla bothán ar an trean-bhóthar (i mBaile Mhic Íre)...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a sheasaim an stródhaire crón cois na teineadh istigh
    Do labhair sé i nglór árd-fheargach - búirth
    Faghaim uait do stór a chrón-chailligh thubaistigh -
    Nú ní bheidh agat gnó do ar maidin seo chughainn
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhéarsa do dhein Conchúbar do thighearna talmhan:
    "Nách gan srón do dhóghaidh gan truagh ar dtig
    Is d’fhág gan stór gan fóghmhar gan cruacha sinn
    Is gearr mar lón air poet is uabhar is puint
    Seach grásta is glóire gheobham-ne ó uan a’ tsuilt."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    19 Márta 1928
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir
  3. (gan teideal)

    Cúpla bhéarsa a dhéin Conchúbhar nuair a tugadh cuireadh dó go dtí bainfheis...

    Cúpla bhéarsa a dhein Conchúbhar nuair a tugadh cuireadh dho
    go dtí bainfheis ar an dtaobh thuaidh de Shráid an Mhuilinn
    tráth:
    "A Sheain ghil eagnaig ghrádhmhair shuairc
    Ragham-na id’easgain-se i dtráth de ruaig
    Béarfam linn capall is cárráiste ó thuaidh
    Nuair a bhéarrfaidh an Bhealtaine bhreágh orrainn
    Beidh againn geallaim duit eolaidhe tréan -
    An treon-mhear greanta san "Óg Chil-réin -
    Gurab eol do gach bhaile gach ród agus céim
    Ó thaobh an Mhuilinn go Bántír
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.