Imleabhar: CBÉ 0283

Dáta
1928
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0045

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0045

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Innstear alán sgéalta mar gheall ar liosanna...

    Innstear alán sgéalta mar gheall ar liosanna is ar
    phúcaíbh. Go deimhin do bhíodh eagla ár gcroidhe orrainn
    ghabháil thársa aon tráth den oidhche agus sinn óg.
    Do bhí feirmeoir áirighthe na chómhnuidhe thall ar
    Seana Chluain tamall de bhliadhantaibh ó shoin agus
    ní raibh toradh aige ar phúcaíbh ná ar aoinnidh
    dá shórt. Tá lios ar an bhfeirm sin agus mar
    seo lá dubhairt sé go raibh sé chun an lios do
    threabhadh agus coirce do chur ann.
    Dubhairt a bhean leis go mbhfearra dho gan aon
    lámh i n-aonchor do bheith aige ar an lios agus go
    raibh talamh a dhóithin aige chun síol do chur ann
    i n-éaghmuis an leasa. Ní raibh aon toradh aige
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    19 Márta 1928
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach