Scoil: Cill Mhór Iorruis

Suíomh:
An Sáilín, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Seán S. Ó Cróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0134, Leathanach 193

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0134, Leathanach 193

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhór Iorruis
  2. XML Leathanach 193
  3. XML “Oíche na Gaoithe Móire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí na tighthe ag tuitim leis an ngaoith mhóir agus bhí na fír thuas ar mhullach na tighthe ag iarraid iad a chongbhail. Bhí an ghaoth seo timpeall an 1839. Bhí siad ag caitheamh suas cloch ar na tighthe le'n iad a chongbháil. Na cruacha a bhí san ngairdín leagad iad agus cuireadh faoí a chéile iad. Bhí na fír ag troid annsin gac fear ag iarriadh a cuid féin. Bhí na sean daoíne ag dul faoi na leaptha ar faitchíos go dtuitfeadh an teach ortha. Bhí na mná ag tabhairt na gcliabhán amach cois cliadhe ar faitcíos dtuiteadh an teach ar na páisthí. Bhí fear arbh ainm Aindí le cur an lá sin. Bhí socraidh mór leis. Leagadh na caranna agus leagad anus na daoine. Leagad an corp ar taobh istigh d'en chliadhe.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. próisis agus feiniméin
      1. gaotha (~357)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chínnéide
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Chrois, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Síle Ní Chínnéide
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Chrois, Co. Mhaigh Eo