Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí stócach beag ann aon uair amháin agus níor choruigh sé ó'n luaith go raibh sé na bhuachaill. Lá amháin dubhairt a máthair leis go gcaithfeadh sé an luaith a fhágail agus rud eighinteacht a shaothruigheadh dó féin no daobhtha-san. D'imthigh sé agus níor phill sé go ceann cúig bliadhna.
Bhí culaith mhaith éadaigh air ag pilleadh do agus é cóirighthe go deas. Chuala na comharsanaí go dtainic sé agus chruinnigh siad isteach a chuir fáilte roimhe. Nuair a bhí am luighe ann d'imthigh siad uilig na bhaile acht sean bhean amháin a cuaidh isteach i gcúl a' dorais a dh'éisteacht. Chuir an mhathair ceist air caidé an obair a bhí se a dheanamh ó d'imthigh sé. Dubhairt sé gura'b é an gadaidh a bfearr in Éirinn é. Chualaidh an tsean bhean a bhí i gcúl an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Earcain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall