Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 160
- XML “Cogadh na Talún”
- XML “Béaloideas na hÁite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an suaimhneas , agus tá cúis na gaedhilge ag dul ar aghaidh go beo, bríoghmhar i gCloich Cheann fhaolaidh arís.
- Béal oideas na h-áiteSeo mar thainig an t-ainm Chloich-Cheann Fhaolaidh de réir seanchus na ndaoine- Ins an am fadó bhí taoiseach darbh'ainm Ceann Fhaolaidh 'na chomhnuidhe ins an cheanntar seo agus thainig Balor béimeann as Toraigh agus bhain an ceann de Cheann Fhaolaidh, ar cloich. Tá lorg na fola le feiceáil ins an chloich go dtí an lá indiu, agus tá an chloch i mBaile Uí Chonaill comhgharach dó'n Fhalcarrach, an áit a chur duine de na h-Olfartaigh suas í tá corradh le céad go leith bliadhain ó shóin.
Dó réir an sgéil sin mar fuair an áit seo an t-ainm, -Cloich-Cheann-Fhaolaidh .i. an chloch ar ár bhain Balor an ceann de Cheann Fhaolaidh.Deirtear gur guth aingil a threóruigh Colm- Cille i dtús báire go Toraigh. Ag obair dó sa Ghartan d'iarr aingeal Dé air imtheacht agus cúaird a thabhairt ar an Oileáin le na bheannughadh,. D'éirigh sé go toilteanach, tapaidh agus lá amháin(leanann ar an chéad leathanach eile)