Scoil: Baile Locha Riabhach (Clochar)

Suíomh:
Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr. M. Proinnsias
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0060, Leathanach 0173

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0060, Leathanach 0173

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Locha Riabhach (Clochar)
  2. XML Leathanach 0173
  3. XML “Oisín i ndiaidh na Féinne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Mach le Fionn Mach Cúmhail do beadh Oisín agus bhíodar lá a seilg in Gleann na Smól Fionn agus na Fianna agus bhí Oisín leo freisin agus dhúisighdar fiaidh buinean, leanadar fhéin is a bpaca gadar í agus bhíodar in a dhiaidh go tráthnóna agus tug ar fad suas ach amháin dhá ghadhar Fhinn Bran agus Sceolán agus nuair a thainic na Fianna suas leithe chonnachadar nar raibh Bran ná Sceólán ach ag déanamh spóirt leithe agus thug Fionn an fiaidh abhaile leis Dubharit sé nach bhfuair sé a dhothain fiaidach ariamh go dtí an lá sin agus nuair a d'éirigh Fionn ar maidin chonnaic sé Béan óg áluinn ionáit an fhiaidh dubhairt sí gur bhí féin neamh chinn óir inghin rí thír na n'óg, agus go gcaitfeadh sí Oisín mach Fhinn as Éirinn fhaghail le pósadh. D'imtigh sé féin agus Oisín ar eac bán agus dubhairt sí leis.

    "Is tusa Oisín mach Fhinn
    as Éire ghlas na bhfiann."

    Is géarr go mbeidh do luing i rith le cóir i triall ar an mbaile cúain i mbeidh na mílte fáilte romainn nuair a shroichfeas muid anonn go tir na n'óg. Chaith sé trí chead bliain sa tir sin agus bhí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Lochlann
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe