Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)

Suíomh:
Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Cáit Ní Choisdealbha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 064

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 064

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)
  2. XML Leathanach 064
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. bhí fear ann uair amháin. Bhí sé ag dul ar an aonach ar a dhó nú a trí a clóg san oidhche. Bhí capall agus eáirt aige bhí cupla muca san cháirt aige. Bhí ar dul tar lios sul a sroichfeadh sé an aonach. Bhí sé tuairim míle ón lios seo nuair a connaic sé solus mór san spéir agus é comh mór leis an ngrian. Bhí an solas ag teacht cuige. Nuair bhí sé píosa ón lios do stád an cappall agus níor suibhalfhadh sé dó'n bhfear. Tosuigh an fear ghá mbhualadh acht sin é an méid mhaith bhí ann. Fé dheire thosuigh an capall ag siubhal beagan agus bhí sé díreach imthighthe thar an lios nuair do cuaidh an solus mór isteach san lios agus cualaidh sé na sidheóga ag amhránaidheacht agus ag deanamh cheol istigh san lios. Do stád an capall arís agus connaic an fear bhean mór áluinn os a comhair amach. Thosuigh an fear ag guidhe agus d'imthigh an bhean agus d'imtigh an capall agus níor stád siad arís gur sroch siad an aonach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Choidhin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Pádhraic Ó Choidhin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Míleac, Co. na Gaillimhe